AG OBAIR AR SON MHUINTIR DHOIRE THOIR
Haigh, is mise Gemma Uí Bhrollaigh, is leascheannaire Aontú mé agus is ionadaí Aontú - Doire Thoir mé.


Mar mháthair, mar mhúinteoir, agus mar ghníomhaí pobail, creidim go gcaithfear gníomhú in áit suí siar.
Chuaigh mé isteach sa pholaitíocht mar gheall ar an scoilt a chonaic mé ag fás idir gnáthdhaoine ar an talamh agus iad siúd atá ag déanamh cinntí sa rialtas.
Ó dhul i ngleic le géarchéim an chostais mhaireachtála go dtí troid ar son oideachas níos fearr, tá mé anseo chun cuidiú leo siúd is mó a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu.
Má tá sé bainte le tacú leis na daoine a thugann cuairt ar m’oifig thoghcheantair i nDún Geimhin nó ag eagrú agóidí chun seirbhísí a chosaint inár n-ospidéal áitiúil, nó ag troid ar son infheistíochta i mbonneagar áitiúil mar Dhroichead na Banna i gCill Ria, bíonn mo fhócas i gcónaí ar ár bpobail a fheabhsú.
Mar Leas-Cheannaire Aontú, oibrím in éineacht le Peadar Tóibín TD agus lenár bhfoireann pharlaiminte san Oireachtas. Ligeann sé seo dom saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar Dhoire Thoir agus ar an Tuaisceart a thabhairt go dtí an stáitse náisiúnta, ag cuidiú linn torthaí fíora, praiticiúla a bhaint amach ar an talamh.
Nuacht is Déanaí
Anseo thíos, thig leat cuid de na ráitis agus de na preasráitis is déanaí uaim a fheiceáil:
Bí Páirteach sa Chomhrá
Lean mé ar na meáin shóisialta ait a bhfaighfear an scéala agus an t-eolas is déanaí uaim

Cad é mar is féidir liom cuidiú leat?
An bhfuil cuidiú de dhíth ort maidir le saincheist áitiúil? Tá mise agus m’fhoireann anseo chun cuidiú leat le gach saincheist, mór nó beag.
Seol na sonraí chugainn trí chliceáil ar an chnaipe thíos agus rachaimid i dteagmháil leat a luaithe is féidir.
Is é Aontú an t-aon pháirtí a thugann dúshlán na bunaíochta Thuaidh agus Theas. Cuidigh linn fíorathrú a bhaint amach. Bí liom agus mé ag obair i dtreo Éire níos fearr do chách.



