Fúm Féin
Fúm Féin
Is gníomhaí pobail díograiseach mé atá tiomanta chun rudaí a chur i gcrích. Ní shuífidh mé siar ag fanacht; eagróidh mé agus déanfaidh mé beart. Is máthair cheathrar clainne mé, múinteoir Gaeilge, Comhordaitheoir Riachtanas Speisialta agus bean chéile feirmeora agus ceardaí áitiúil as Baile Iarainn, Co. Dhoire.
Bím réidh i dtolamh chun chuidiú agus chun dul i mbun agóideachta ar son na cosmhuintire ar aon bhealach is féidir liom le linn na géarchéime costais mhaireachtála seo. Mar oide, tá mé an-phaiseanta faoin oideachas ina iomláine, taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga araon.
Is mise le meas,
Gemma Brolly
Mo Chuid Tosaíochta
Chuaigh mé isteach sa pholaitíocht de bhrí go gcreidim gur féidir linn, agus go gcaithfimid, rudaí a dhéanamh i bhfad níos fearr dár bpobail. Táim tiomanta dár seirbhísí áitiúla a chosaint agus do thacú lenár dteaghlaigh.
Cliceáil thíos chun breathnú ar chuid de mo phríomhthosaíochtaí.
Mar chathaoirleach ar SOS Ospidéal an Tóchair, tá mé féin agus mo chomhghleacaithe tiomanta do chosaint na seirbhísí sláinte ríthábhachtacha a mbraitheann ár bpobal orthu. Táimid tar éis labhairt amach i gcoinne aistarraingt seirbhísí máithreachais agus seirbhísí measúnaithe féatais, agus leanann muid orainn ag cur suas d’aon bhagairt ar mháinliacht éigeandála ag Ospidéal an Tóchair.
Trí agóidí, cruinnithe poiblí, agus teagmháil dhíreach le hIontaobhas Sláinte agus Cúraim Shóisialta an Tuaiscirt, tá muid ag obair le cinntiú go gcloistear guthanna na gclann áitiúil go soiléir agus go láidir. Tá ár dtiomantas dírithe ar thrédhearcacht, cuntasacht, agus cosaint maidir le rochtain ar chúram sláinte faoin tuath. Caithfidh muid seasamh le chéile ar son ár seirbhísí áitiúla, mar an uair amháin a imíonn siad, is as go brách leo.
Mar mhúinteoir agus mar Chomhordaitheoir Riachtanas Speisialta, tá feicthe agam an dóigh ar baineadh infheistíocht ónár gcóras oideachais, agus an dóigh a ndéanann lucht an údaráis neamhaird ghlan ar na moltaí gan teorainn ó thuairiscí speisialtóirí, agus an dóigh a dtugann siad an chluas is bodhaire do na glaonna gan teorainn ar chabhair laistigh den chóras.
Leanfaidh mé orm ag obair le feabhas a chur ar an chóras oideachais agus ar fholláine gach uile pháiste. Tá go leor dár gcuid páistí buailte ag an imní, deacrachtaí sóisialta agus mothúchánacha, chomh maith le deacrachtaí acadúla. Caithfidh muid oibriú le naisc a chruthú idir an córas oideachais agus an tseirbhís sláinte.
Mar Leas-Cheannaire Aontú agus Ionadaí Dhoire Thoir, chuaigh a lán tuismitheoirí i dteagmháil liom a bhfuil a gcuid páistí ag streachailt leis an andúil. I gContae Dhoire, tá borradh ollmhór tagtha ar an éileamh ar chóireáil; thuairiscigh Ionad Andúile “Northlands” amháin go raibh méadú 300% ar an éileamh ar chúnamh ó othair sheachtracha laistigh de 18 mí amháin, ach ina ainneoin sin, gearradh an maoiniú. Tá sé seo ag tarlú cé go bhfuil an mheabhairshláinte ainmnithe mar cheann de na naoi bpríomhthosaíocht ag Stormont. Ní shábhálfar aon bheatha de dhroim geallúintí bréagacha.
Tá níos fearr tuillte ag teaghlaigh, agus caithfidh muid troid chun é sin a bhaint amach. Mar mhúinteoir, creidim go bhfuil muid ar an bhealach ceart sna scoileanna, trí rialú mothúchánach a theagasc agus trí dhaoine óga a chumhachtú chun cuidiú a lorg. Ach caithfidh muid níos mó a dhéanamh, laistigh agus lasmuigh den oideachas. Caithfidh muid fíorluach na beatha a chur i réim arís, tacú le teaghlaigh, agus a chinntiú go bhfuil seirbhísí meabhairshláinte agus andúile á maoiniú i gceart agus ar fáil go héasca.
Mar Leas-Cheannaire Aontú agus Ionadaí Dhoire Thoir, ní thig liom neamhaird a dhéanamh ar thionsclú ár dtailte agus ár n-oidhreachta. Tá an fód céanna dá bhfuair glúnta dár muintir bás á dhíol dár mile n-ainneoin. Nuair a ruaigeadh ár muintir chuig na háiteanna ba ghairbhhe amuigh, choinnigh siad an teanga agus an cultúr beo ainneoin na n-ainneoin. Anois, tá corparáidí seachtracha ag iarraidh tionsclú a dhéanamh ar ár Limistéir Sháráilleachta Nádúrtha le mianadóireacht, feirmeacha gaoithe, agus an bonneagar lena ngabhann: piolóin, fostáisiúin, agus BESS (Córais Stórála Fuinnimh Ceallraí).
Creideann Aontú gur cheart guth na bpobal áitiúil a urramú. Scracfhéachaint amháin ar léarscáil an Tuaiscirt, agus feiceann tú Doire, Tír Eoghain, agus Fear Manach agus iad báite go huile agus go hiomlán faoi scamall na tionsclaíochta, agus, san am céanna, an chuma ar limistéir eile go bhfuil siadsan faoi chosaint. Deirtear linn go bhfuil spriocanna aeráide ann, go bhfuil astaíochtaí carbóin á laghdú, agus an córas uisce á chosaint. Ach, nuair atá cúrsaí tionsclaíochta freagrach cheana féin as 18% de theagmhais thruaillithe uisce sa Tuaisceart, agus dea- chaighdeáin éiceolaíocha á mbaint amach ag níos lú ná 40% de na haibhneacha, níl sa chur chuige seo ach cur i gcéill amach is amach.
Cad mar gheall ar na glúnta atá le teacht? Cad mar gheall ar a meabhairshláinte agus a sláinte fhisiciúil araon? Cad mar gheall ar aer glan agus uisce glan, na cearta is bunúsaí dá bhfuil againn? Rinne na céadta glúin an talamh seo a chothú agus a chosaint dúinn, agus troidfidh muidne in Aontú lena chinntiú go ndéanfaidh muid beart dá réir.
Tá fís Aontú maidir leis an aontacht bunaithe go príomha ar an chomhbhá. Trínár bpolasaí um Chúram Atruach, tá muid ag troid lena chinntiú go mbeidh teacht ag teaghlaigh sa Tuaisceart ar sheirbhísí paiteolaíochta péidiatraicí, seirbhísí nach mór dóibh taisteal go Sasana faoi láthair lena bhfáil. Tá muid í mbun feachtasaíochta fosta ar son svuít méala agus seirbhíse méala 24/7 i ngach ospidéal máithreachais ar fud oileán na hÉireann, toisc nár cheart go gcuirfí aon teorainneacha leis an dínit i gcás an bháis.
Caithfidh an chiall cheannaithe san oideachas a bheith mar bunchloch na haontachta fosta. Sin an fáth ar iarr mé go mbunófai comhlacht oideachais 32 contae, le dea-chleachtas a roinnt, acmhainní a chomhthiomsú, agus a chinntiú go mbaineann gach leanbh an tairbhe cothrom céanna as. Ní hamháin gur mian pholaitiúil í Éire aontaithe; is tiomantas praiticiúil, atruach é do theaghlaigh, don oideachas, agus do dhínit na beatha fud fad na 32 contae go léir.
Creideann muid go bhfuil an rialú is deireanaí ó Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe maidir le hoideachas reiligiúnach ina bhagairt thromchúiseach ar shaoirse reiligiúin. Tá an dearcadh atá againne soiléir: is iad na tuismitheoirí príomhoideachasóirí a gcuid páistí, agus caithfidh an t- oideachas urraim a thabhairt don teaghlach agus don phobal. Ina ainneoin sin, tá deighilt ag fás idir an chosmhuintir agus lucht cinnteoireachta rialtais.
Thit a lán daoine in éadóchas, stop siad ag vótáil, agus mhothaigh siad nach raibh tábhacht ar bith lena nguth a thuilleadh. Tá athbheochan á hadhaint anois, áfach, agus tá Aontú ar thús cadhnaíochta san athbheochan sin,tríd an mhuinín a spreagadh arís, saoirsí a chosaint, agus an teaghlach a chur
Creideann Aontú gur le gach uile dhuine an Ghaeilge. Beag beann ar chúlra nó ar phobal, is seoid chultúrtha chomhroinnte í an Ghaeilge, dar linn. Tacaímid go bródúil leis na hiarrachtaí ar son í a chur chun cinn agus a athbheochan fud fad an oileáin.
Is cainteoirí líofa an-chuid dár mbaill, agus creidimid go bhfuil comhionannas agus meas iomlán tuillte aici. Ainneoin go bhfuil dul chun cinn éigin déanta ina leith mar Ghaeilge, amhail í a bheith in úsáid arís i gcúirteanna Thuaisceart Éireann, fós féin tá dúshláin thromchúiseacha amach romhainn; tá ciorruithe maoinithe gearrtha ar sheirbhísí Gaeilge, tá an soláthar RSO trí Gaeilge fós in áit na leathphingne, agus tá comharthaíocht trí Gaeilge fós ina cnámh spairne.
In Aontú, leanfaimid linn sa troid ar son na n-acmhainní a theastaíonn chun riar mar is ceart ar sheirbhísí Gaeilge agus chun go mbeidh comhionannas iomlán á léiriú do chainteoirí Gaeilge i ngach gné den tsochaí.
Aontú believes that the Irish language belongs to everyone. Regardless of background or community, we see Gaeilge as a part of our shared cultural heritage. We proudly advocate for its promotion and revitalisation across the island.
Many of our members are fluent speakers, and we believe the language deserves full equality and respect. While there has been progress, such as the renewed use of Irish in Northern courts, serious challenges remain; Irish language services have seen funding cuts, SEN provision through Irish is still lacking, and arguments over signage are still ongoing.
Aontú will continue to fight for adequate resources for Irish language services and full equality for Irish speakers in every aspect of society.
Mar bhean chéile feirmeora, tuigim an dúthracht agus an tiomantas a bhaineann leis an fheirmeoireacht áitiúil – ach tá go leor feirmeoirí anois ann nach dtig slí bheatha a bhaint amach as a gcuid feirmeacha a thuilleadh. Bíonn ar a mbunús obair lánaimseartha a dhéanamh taobh leis an fheirmeoireacht lena chinntiú gur féidir leo a bhfeirmeacha agus a dteaghlaigh a chothú.
Oibreoidh mé gan staonadh le tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí agus chun cuidiú leo tacaíocht a thabhairt dá bpobail tríd an fheirmeoireacht thraidisiúnta agus trí chleachtais fheirmeoireachta sóisialta a bhfuil géarghá leo.
Tacaíonn Aontú leis an cheart chun na beatha do gach duine. Creideann muid gur cheart beatha an uile dhuine a chosaint. Thug rialtas na Breataine reachtaíocht dhanartha maidir leis an ghinmhilleadh isteach sna 6 chontae lena gcuirfearr deireadh le beatha na mílte leanbh sa bhroinn anseo.
Fuair dlí na Breataine tacaíocht ó cheannairí Shinn Féin agus an SDLP. Is é Aontú amháin a sheas le tromlach na ndaoine a chreideann gur cheart gurb iad muintir an Tuaiscirt seachas rialtas na Breataine a shocródh an cheist seo.
Cuireann muid in éadan iarrachtaí an eotanáis a dhéanamh dlíthiúil fosta. In áit an bás a normálu creideann muid gur cheart seirbhísí cúraim mhaolaithigh a mhaoiniú go hiomlán, seirbhísí a thugann cosaint don dínit agus a thacaíonn leis an bheatha siar go bás nádúrtha.
Tá bonneagar sábháilte iontaofa mar chnámh droma ár bpobal tuaithe, ach fágtar ceantair thuaithe ar gcúl i gcónaí i dtaca le bunchothabháil agus infheistíocht. Creidim i ngníomhaíocht dhíreach a dhéanamh le feabhas a chur ar an cheantar áitiúil againn. Le bliain anuas, chuir m’fhoireann agus mé féin sruth leanúnach de thuairiscí maidir le lochtanna chuig an Roinn Bonneagair (DfI) chun dul i ngleic le linntreoga contúirteacha, bóithre faoi uisce, agus bonneagar a bhfuil ag cliseadh air ar fud an toghcheantair.
Is sampla follasach den fhaillí chórasach seo é dúnadh Dhroichead na Banna i gCill Ria. D'fhág an dunadh seo pobail agus gnólachtaí ina gcíor thuathail, agus bhí mé ar thús cadhnaíochta ag éileamh freagraí. Trí iarratais Saorála Faisnéise, lorg mé soiléireacht ar amanna freagartha agus ar phrótacail na seirbhísí éigeandála, agus leanfaidh mé orm ag brú ar son cuntasachta. Cén fáth nár críochnaíodh staidéar féidearthachta 2022 riamh? Tá tacaíocht airgeadais, amanna freagartha níos fearr, agus soláthar iompair phoiblí tuillte ag na daoine ar cuireadh isteach orthu i gcúinsí den sórt sin.
Thar rud bith eile, caithfidh tiomantas soiléir a bheith ann droichead nua a thógáil agus amlíne tógála ag dul leis. Plean déthaobhach atá i gceist anseo: deisiú an droichid reatha ar thaobh amháin, agus an droichead nua a thógáil ar an taobh eile.
Má tá ceisteanna ar bith agat, nó más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoinár bpolasaithe, téigh i dteagmháil linn ag eastderry@aontu.ie
Is é Aontú an t-aon pháirtí a thugann dúshlán na bunaíochta Thuaidh agus Theas. Cuidigh linn fíorathrú a bhaint amach. Bí liom agus mé ag obair i dtreo Éire níos fearr do chách.






